AIDHMEANNA
Níl ceart dlithiúil ar bith agat áit ar bith in Éirinn siúl
isteach ar thalamh príobháideach, is cuma cé chomh hiargúlta. Ní
hann do bhealaí achtaithe in Éirinn seachas cinn ar nós bóithre
poiblí nó páirceanna uirbeacha.
Deacair a chreidiúint? Is deacair freisin do chuairteoirí ar
Éirinn ar ghnách leo dul ag fánaíocht áit ar bith gur mian leo ina
dtír féin agus ina bhfuil bealaí achtaithe le comharthaí soiléire
acu.
Aidhmeanna Keep Ireland Open:
- Gréasán bealaí achtaithe le comharthú soiléir agus
coinnithe go maith ar thailte ísle a cheadódh dul ar
ghearr-shiúlóidí agus talamh oscailte a shroichint;
- Saor-chead siúil ar gharbh-thalamh féaraigh, sin thart ar 7%
de thalamh na tíre trí chéile.
- Go mbeadh a laghad agus is féidir d' fhál sreinge dealgach i
gceantair shléibhe, mar go gcuireann sé isteach ar an radharc tíre
agus go gcuireann sé as go mór do shiulóirí.
An bhfuil fadhb ann i ndáiríre?
Seans go gceapann tú nach gá go mbeadh cearta dlithiúla againn
fad is gur féidir linn dul amach faoin tuath. Ceart go leor, ach is í
an fhírinne go bhfuil pé cearta neamhfhoirmiúla a bhí againn
rochtain ar ár dtuath féin á gcailliúint go tapa againn. Níl sé
seo ró-shoiléir i gCill Mhantáin ná in Oirthear na tíre i gcoitinne.
Agus mar a tharlaíonn is iad seo na ceantair ina bhfuil an líon is mó
siúlóirí agus ina bhféadfadh cúis dlisteanach gearáin a bheith ag
úinéirí talún. Is san Iarthar is mó atá na fadhbanna, ceantar ina
bhfuil an líon is lú siúlóirí. Is sa cheantar seo is mó a
d'fhéadfaí siúl na gcnoc agus caithimh aimsire eile amuigh faoin aer
a fhorbairt do thurasóirí. Anseo thíos cúpla sampla de cuid de na
fadhbanna a bhaineann le rochtain ar an tuath:
* Níl cead a thuilleadh ag turasóirí lae ná ag siúlóirí
fánacha Seancheann Chionn tSáile a shiúl, "scámhóg"
thraidisiúnta ó timpeall 1870 do an-chuid daoine ó cheanatr Chorcaí.
* Níl cead a thuilleadh ag siúlóirí cnoc cuairt a thabhairt ar
chodanna áirithe de raonta sléibhte ar nós cheantar Binn Ghulbain i
Sligeach, Na Beanna Beola i gConamara, nó áiteanna i gCorca Dhuibhne i
gCiarraí, nó ar leithinis Bhéara.
* Nil cead ag seandálaithe cuairt a thabhairt ar thuamaí
meigiliteacha tábhachtacha ar nós An Chairn Bháin i gContae na
hIarmhí.
* Caithfidh fairtheoirí éan bheith i gcónaí níos airdeallaí
i dtaobh siúl trí cheantair ina dteastaíonn uathu staidéar a
dhéanamh ar éín.
* Fiú na tránna níl siad slán ó bhaol: tá Trá Ogúil, gar
do Chathair na Mart, blocáilte ón mbliain 1989 ag úinéir áitiúil
talún. Is áis phoiblí an trá seo le blianta fada agus í in ainm is
a bheith faoi chúram an Stáit.
Caithfidh go bhfuil ceantair ina
bhfuil cearta againn mar shiúlóirí?
Tá, i ndá cheantar, ach ní le húinéirí príomháideacha
ceachtar acu. Mar atá:
- Sna Páirceanna Náisiúnta (nach bhfuil iontu ach 1% suaracha
d' achar na tíre);
- Sna Foraoiseacha Stáit.
Freisin tá na cosáin fad-achair nó na Slite Marcáilte (ar nós
Slí Chill Mhaintáin nó Slí Chorca Dhuibhne), nach bhfuil iontu ach
3,000km ar fad (i gcomparáid le 225,000km i Sasana agus sa Bhreatain
bheag). Ach fiú iad seo, rinne úinéirí áitiúla talún iad a
bhlocáil. Thairis sin ní haon mhaith iad do dhaoine a bheadh ag
iarraidh dul ar shiúlóidí gearra ciorclacha nó rochtain ar thalamh
ard oscailte. Go minic is trí fhoraois leadránach chónaiféarach
stáit nó ar bhóithre poiblí a théann na cosáin seo mar nach bhfuil
bealach ar bith eile acu thar thalamh príobháideach.
Céard faoi fhadhbanna árachais
úinéirí talún?
Ciallaíonn an tAcht um Dlitineas Áititheoirí 1995, ar thacaigh
úinéirí talún go fonnmhar leis, go mbeadh ar úinéir talún "neamhsuim
mheargánta" a dhéanamh i sábháilteacht lucht úsáidte na
tuaithe mar chaitheamh aimsire (nó treaspásóirí go deimhin) sula
bhféadfaí é/í a thabhairt os comhair cúirte. Chomh fada agus is eol
dúinn níor éisteadh cás ar bith sular tháinig Acht 1995 i bhfeidhm.
Agus is cinnte nár thug siúlóir ar bith úinéir talún chun na
cúirte ó shin i leith.
Ainneoin sin luann úinéirí talún "fadhbanna árachais"
arís is arís eile. Caithfear a thuiscint uaidh sin nach dteastaíonn
uathu plé le fíricí an scéil.
Cúlra Rochtain ar an Tuath agus an
Dlí
Tá dhá théarma gur fearr a mhíniú ag an bpoinnte seo:
Saorchead Siúil: an ceart dlithiúil siúl pé áit is mian leat,
a bhaineann le talamh iargúlta go háirithe ach cinnte nach mbaineann
riamh le siúl gar do thithe cónaithe.
Bealaí Achtaithe: an ceart dlithiúil siúl ar chosán nó ar
shlí. Tá sé tábhachtach, go háirithe áit a mbeadh curaíocht agus
dóibh siúd a dteastaíonn siúlóidí gairide, a bhíonn ciorcalach go
hiondúil, uathu nó rochtain ar thalamh oscailte.
Ní ligimid orainn go bhfuil Saorchead Siúil againn áit ar bith
in Éirinn. Is gnách dúinn ligean orainn go bhfuil Bealaí Achtaithe
againn ach ceard a chiallaíonn sé seo i ndáiríre? 'Sé freagra
fírinneach na ceiste sin - diabhal mórán!
Tógaimis sampla. Tá tú ag siúl sna cnoic ar chosán a
thaithigh tú le blianta nuair a bhagraíonn úinéir feargach talún
tú. Cuireann tú in iúl dó go bhfuil cead agat siúl anseo, gur
bealach achtaithe atá ann. Deir seisean gur leis an talamh agus
fiafraíonn díot cén fáth go gceapann tú go bhfuil cearta ar bith
agat san áit. An bhfuil sé marcáilte ar an léarscáil mar bhealach
achtaithe? Níl. An bhfuil comhartha san áit a thosaigh tú ag siúl ag
cur in iúl go bhfuil ceart siúil ansin agat? Níl. Agus cén fáth mar
sin go gceapann tú go bhfuil ceart agat siúl anseo? Fáth ar bith! Sin
mar atá cúrsaí anseo in Éirinn ó thaobh an dlí de, agus má
shíleann tú nach bhfuil anseo ach scéal teoiriciúil téigh arais
agus féach ar na cásanna a luadh thuas, agus níl iontu sin ach
mion-shampla.
I dtíortha eile Iarthuaisceart na hEorpa a bhfuil staidéar
déanta againn orthu tá cearta dlithiúla ag lucht úsáidte na tuaithe
mar chaitheamh aimsire (siúlóirí, fánaithe, fairtheoirí éan etc.)
siúl faoin tuath. I roinnt tíortha ciallaíonn sé seo go bhfuil cead
siúl áit ar bith, seachas trí churaíocht nó a leithéid gan amhras.
A mhalairt de scéal ar fad atá againne in Éirinn, is ar éigean
go bhfuil cearta siúil ar bith againn siúl inár dtír féín agus ní
KIO amháin atá den tuairim seo. Tá sé ráite ag Coimisiún na hEorpa
go bhfuil sé intuigthe go gceadófaí rochtain ar an tuath murar ann do
chúiseanna láidre ina coinne. Tá aird tarraingthe ar Éirinn mar
cheann den dá thír san Aontas Eorpach (AE) ina bhfuil bac suntasach ar
rochtain ar an tuath. Agus táimid ag caint ar cheann de na tíortha is
lú daonra san AE trí chéile!
Caithfear an dlí a athrú
Tá an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair a bhaineann le
rochtain ar an tuath simplí agus leatromach. In aon fhocal amháin, tá
an dlí go hiomlán ar thaobh na n-úinéirí talún. Is féidir leo
cosc a chur le lucht úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire ar
chúis ar bith, nó gan cúis. Tá úinéirí talún ag baint úsáide
as an éagothramaíocht seo níos minice chun cosc a chur le lucht
úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire in áiteanna a mbíodh a
dtriall le fada, é sin nó airgead a éileamh orthu le haghaidh
rochtana. Tá athrú dlí ó bhonn ag teastáil go géar uainn.
Ach nach gcosnóidh sé seo an t-uafás
airgid?
Cosnóidh, má chuirimid ina luí orainn féin go gcosnóidh. I
dtíortha eile na hEorpa go hiondúil ní chuirtear deontais ar fáil
d'úinéirí talún i dtaca le saorchead siúil, mura bhfuil cúiseanna
láidre ann, ar nós loitiméireacht leanúnach á dhéanamh dá maoin.
Mar sin, céard atá á dhéanamh
ag na húdaráis maidir leis an scéal seo?
Ní hamháin go bhfuilimid go mór chun deiridh ar ár gcomharsana
go léir sna cúrsaí seo, ach leis an síor-theorannú ar rochtain ar
an tuath tá malairt treo fúinn. Aisteach go leor, dealraíonn sé nach
bhfuil suim dá laghad sa bhfadhb seo - atá i gcónaí ag méadú - ag
údarás poiblí ar bith in Éirinn: na húdaráis turasóireachta,
ranna rialtais ná na húdaráis áitiúla. Séanann siad go bhfuil
fadhb ann.
Gan amhras, luath nó mall beidh ar údarás éigin anseo
gníomhú ach dealraíonn sé gur mall seachas luath a tharlóidh sé
mura ndéanann an tAontas Eorpach rud éigin.
Agus idir an dá linn?
Ní gá a léiriú cén tionchar a bheidh aige seo go léir ar
thurasóireacht, ón tír seo agus thar lear, mar tá siúlóirí
lárnach i dtionscal na turasóireachta. Beidh díomá ar shiúlóirí
ó thíortha eile nach bhfuil bealaí achtaithe ar bith ann dóibh
seachas na cosáin fhad-achair, nach dtaitníonn ró-mhór le gach duine.
Má shíleann siad go bhfuil na cearta céanna acu siúl áit ar bith is
mian leo anseo in Éirinn is atá acu ina dtír féin bainfear preab
míthaitneamhach astu ar chastáil don chéad uair le húinéir feargach
talún. Eachtra a gcuimhneoidh siad uirthi agus a gcuirfidh siad síos
uirthi dá gcairde sa bhaile ar feadh i bhfad.
Ceard atá ar intinn agatsa a
dhéanamh faoi?
Ná déan faic má cheapann tú go bhfuil an scéal sásúil go
leor mar atá, ach bheadh ionadh orainn dá gceapfá. Ach má cheapann
tú gur ceart duit rud éigin a dhéanamh faoi bí i bpáirtíocht linn.
Is é Keep Ireland Open an eagraíocht náisiúnta atá ag obair ar son
cearta rochtain ar ár dtuath, ar ár sléibhte, ár gcladaí is ár
tránna, ár locha, ár n-aibhneacha agus ár n-áiseanna nádúrtha
eile. Tá idir dhaoine aonair agus eagraíochtaí náisiúnta ar suim
leo gníomhaíochtaí caitheamh aimsire agus fóillíochta ina mbaill.
Conas a bhainfimid ár gcuspóirí
amach?
Mar atá déanta again go dtí seo leanfaimid orainn ag cur brú
ar pholaiteoirí agus ar lucht múnlaithe tuairimí eile ag leibhéal
náisiúnta agus san Aontas Eorpach. Ardoimid fadhb rochtain ar an tuath
sna meáin náisiúnta agus áitiúla, labhróimid le lucht
turasóireachta, baileoimid liostaí de na fadhbanna a bhaineann le
rochtain ar an tuath ar fud na tíre, déanfaimid taighde ar na dlithe
agus ar choinníollacha rochtain ar an tuath i dtíortha eile na hEorpa.
Foilseoimid nuachtlitir ceithre huaire sa bhliain ag cur in iúl
mar atá ár bhfeachtas ag dul chun cinn.
Tá tú de dhíth orainn!
Tá gá againn le baill chun a thaispeáint gur ann do dhaoine ar
suim leo rochtain ar an tuath, agus chun go mbeidh tacaíocht láidir
againn nuair a théimid chun cainte le polaiteoirí. Thar aon rud eile,
ta cabhair uainn chun an obair seo go léir a dhéanamh, obair atá
suimiúil, tábhachtach agus úsáideach.
Má theastaíonn uait muid a chur ar an eolas maidir le fadhb ar
bith i do cheantar féin cuir ríomhphost chugainn le do thoil chuig:
info@keepirelandopen.org
If you
would like to inform us of any problems in your area please email us at
info@keepirelandopen.org
leathanach baile | aidhmeanna KIO | abhair aighnis |
polasaithe | rol
agus cul cuige | nuachtlitir | claru
mar bhall | litreacha | dean teagmhail linn