Newsletter 40. [Winter 2010] now available
Interesting RTE podcast which mentions access rights in Spain
Cé Muidne?
Is eagraíocht dheonach í Keep Ireland Open
ina bhfuil idir bhaill aonaracha agus líon mór grúpaí ar
suim leo an timpeallacht agus an saol amuigh faoin spéir. I measc na
ngrúpaí tá
An Óige, cumainn éagsúla na nGasóga is na
mBanóglach, Cumann Faoileoireacht-chrochta agus Parafaoileoireachta na
hÉireann,, The Irish Ramblers, Nasc Tuaithe na hÉireann,, Cónaidhm
Cumann Staire Áitiúila, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann, agus go
leor grúpaí agus eagraíochtaí eile.
Céard a dhéanaimid?
Is é Keep
Ireland Open an t-aon eagraíocht dheonach náisiúnta atá i
mbun feachtais ag lorg rochtana réasúnta ar an tuath in Éirinn do
lucht úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire, idir shléibhte,
chladaí, locha, aibhneacha, séadchomharthaí stairiúla agus áiseanna
nádútha eile.
Táimid ag lorg cearta slí dlithiúla, le comharthaí
soiléire orthu – go háirithe ar thalamh íseal, maraon le saor-chead
siúil ar thailte airde agus i gceantair iargúlta. Tá feachtas ar bun
againn freisin i gcoinne fál sreinge deilgní, atá forleathan, go
háirithe in iarthair na tíre, atá gránna agus a choscann rochtain ar
an tuath.
Is é an príomh-chuspóir atá againn reachtaíocht a
thugann cead rochtana ar an tuath do lucht a úsáidte mar chaitheamh
aimsire a bhaint amach.
Is é an ról atá againn stocaireacht a dhéanamh ar an
Rialtas, ar pholaiteoirí, ar eagraíochtaí turasóireachta agus ar
ghrúpaí eile chun rochtain ar an tuath a chosaint agus a fheabhsú.
Scríobhaimid altanna agus foilsítear litreacha linn
sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla agus déanaimid ár gcás a
phlé go minic ar theilifís is ar an raidio.
Déanaimid taifead ar agus poiblíocht i leith
limistéir ina bhfuil cosc ar rochtain. Déanaimid taighde freisin ar an
staid rochtana is mó fábhar go mór i dtíortha eile na hEorpa.
Thugamar cás to dtí an tAontas Eorpach ag gearán faoi
úsáid iomarcach fál sreinge deilgní in Éirinn (cás atá leanúnach
ach rathúil go dtí seo).
Déanaimid iarracht freisin argóintí maidir le
rochtain a réiteach de réir mar a tharlaíonn siad (ach le líon
teoranta baill ghníomhacha ní féidir linn plé ach le cuid de na
cásanna is simplí). Is é an cur chuige atá againn teacht ar
réiteach ar na haighnis seo go luath chun cruachan dhearcthhaí agus
seasaimh dhaingne a sheachaint. Ach níl na hacmhainní againn a
ligfeadh dúinn dul i ngleic leis na cásanna go léir de réir mar a
tharlaíonn siad, ról ar chóir a bheith ag na húdaráis áitiúla nó
turasóireachta.
Déanaimid monatóireacht ar phleananna forbartha na
n-údarás áitiúil uile agus déanaimid aighneachtaí maidir le cearta
slí - tasc ollmhór. Foilsímid nuachtlitir ráithiúil freisin agus
déanaimid an suíomh gréasáin seo a chothabháil.
KIO – gearrthuairis
Bhunaigh grúpa a raibh feirmeoirí in Iarthair na
hÉireann ina measc KIO ar dtús i 1994 – agus Jackie Rumley atá ina
uachtarán ar KIO faoi láthair san áireamh – mar fhreagairt ar
fhálú agus fho-roinnt 2,400 acra coimíneachta. De bharr cás Ard
Cúirte agus éisteacht ó bhéal ag an mBord Pleanála i gCaisleán an
Bharraigh cuireadh cosc le fálú na coimíneachta seo.
Mar thoradh air seo thosaigh an grúpa ag dul i
dteagmháil le siúlóirí cnoc agus thuig siad nach raibh grúpa ar
bith ag labhairt amach ar son cearta siúlóirí.
Ó shin i leith tá KIO tiomnaithe do chaomhnú agus do
bhunú cearta rochtana ar an tuath. San áireamh tá rochtain ar ár
sléibhte, locha, aibhneacha agus limistéir chósta.
Faoi láthair is brateagraíocht é KIO go bunúsach a
thugann le chéile comhlachais áineasa éagsúla a bhfuil na
haidhmeanna céanna acu. Chomh maith leis sin tá go leor baill
aonaracha againn agus de réir a chéile tá aithint á tabhairt do
bhailíocht ár sainordaithe ag na húdaráis agus téann idir rialtas
agus údaráis aitiúla i gcomhairle linn níos mó maidir le cúrsaí
rochtana agus le saincheisteanna gaolmhara.
Is eagraíocht neamhspleách, dheonach, neamh-pháirtí
polaitíochta, neamhshainchreidmheach í KIO.
Mar a fheicfidh tú sna leathanaigh a leanann, is beag
cearta rochtana ar an tuath atá ag lucht a húsáidte mar chaitheamh
aimsire. Is trí bhrústocaireacht agus feachtais thiomanta agus
leanúnacha amháin gur féidir an scéal a chur ina cheart. Tá suil
againn go mbreathnóidh tú ar na leathanaigh seo agus ansin go
mbeartóidh tú dul i bpáirtíocht linn. Ná fág faoi dhuine éigin
eile é!
Ní do shiúlóirí cnoc tiomnaithe amháin é Keep
Ireland Open, ach do gach éinne a dteastaíonn uathu rochtain ar an
tuath, siúlóirí, éaneolaithe, seandálaithe, staraithe,
canúálaithe, slatiascairí – ceart atá bainte amach i dtíortha
eile le blianta fada.
Tá baill de dhíth orainn lena thaispeáint go bhfuil
daoine ann ar chuma leo faoi chúrsaí rochtana. Tá sé riachtanach a
léiriú go bhfuil tacaíocht láidir againn nuair a théimid chun
cainte le polaiteoirí. Tá cabhair ag teastail uainn inár gcuid oibre.
Má theastaíonn uait muid a chur ar an eolas maidir le
fadhb ar bith i do cheantar cuir ríomhphost chugainn le do thoil ag
info@keepirelandopen.org
Cé Muidne
|
Ábhair Aighnis |
Aidhmenna_kio |
Conas Clárú mar Bhall |
Nuachtlitir |
Sean-Nuachtlitreacha |
Litreacha |
Roinnt Fadhbanna |
Naisc |
Fóto-Ghailearaí |
Déan Teagmháil Linn