Newsletter 34.
[Spring 2008] now available
Update
to Donegal Occupier's Liability Case
Cé Muidne?
Is é Keep Ireland Open an t-aon
eagraíocht dheonach náisiúnta a bhfuil feachtas ar siúl acu ag lorg
rochtain réasúnta ar an tuath in Éirinn do lucht úsáidte na tuaithe
mar chaitheamh aimsire.
Táimid ag lorg bealaí achtaithe dlithiúla, le comharthaí
soiléire orthu, go háirithe ar thalamh íseal maraon le saor-chead
siúil ar thailte airde agus i gceantair iargúlta. Tá feachtas freisin
againn i gcoinne fál sreinge dealgach, atá gránna agus a choscann
rochtain agus atá forleathan, go háirithe in iarthair na tíre.
Bunaíodh Keep Ireland Open sa
bhliain 1994. Faoi láthair tá líon mór baill, idir dhaoine aonaracha
atá imníoch faoi na cúrsaí seo agus grúpaí áitiúla, chomh maith
le heagraíochtaí náisiúnta ar suim leo an timpeallacht agus an saol
amuigh faoin spéir. Ina measc tá: Cumann Clubanna Marcaíochta na
hÉireann
Gasóga Caitliceacha na hÉireann
Cónaidhm Cumainn Staire Áitiúla
Cumann Faoileoireachta Crochta agus
Parafaoileoireacht na hÉireann
Club Fánaithe na hÉireann
Nasc Tuaithe na hÉireann
Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann
An Óige
Cumann Gasóga na hÉireann
Aontas Uaimheolaíochta na hÉireann
Cumann na bhFeirmeoirí Aontaithe
Mar a fheicfidh tú sna leathnaigh seo a leanas is beag cearta
rochtain ar an tuath atá ag lucht úsáidte na tuaithe mar chaitheamh
aimsire. Is trí dhian-iarrachtaí leanúnacha tacaíocht a lorg agus
feachtais a chur ar siúl gur féidir an scéal seo a athrú. Tá súil
againn go mbreathnóidh tú ar na leathanaigh seo agus ansin go
mbeartóidh tú cur leis an obair. Ná fág faoi dhuine éigin eile í.
An bhfuil fadhb ann i ndáiríre
maidir le rochtain ar an tuath?
Seans go gceapann tú nach gá go mbeadh cearta dlithiúla
againn fad is gur féidir linn dul ag siúl faoin tuath. Ceart go leor,
ach is í an fhírinne go bhfuilimid go tapa ag cailliúint pé cearta
neamhfhoirmiúla a bhí againn rochtain ar ár dtuath féin. Níl sé
seo chomh soiléir i gCill Mhantáin ná in oirthear na tíre i
gcoitinne. Agus mar a tharlaíonn is iad seo na ceantair ina bhfuil an
líon is mó siúlóirí agus ina bhféadfadh cúis dlisteanach gearáin
a bheith ag úinéirí talún. Is san iarthar atá na fadhbanna is mó,
ceantar ina bhfuil an líon is lú siúlóirí. Is sa cheantar seo
freisin is mó a d'fhéadfaí siúl na gcnoc agus caithimh aimsire eile
amuigh faoin aer a fhorbairt do thurasóirí. Seo cúplasampla de cuid
de na fadhbanna a bhaineann le rochtain ar an tuath:
* Níl cead a thuilleadh ag turasóirí lae ná ag siúlóirí
fánacha Seancheann Chionn tSáile a shiúl, "scámhóg"
thraidisiúnta ó timpeall 1870 do an-chuid daoine ó cheantar Chorcaí.
* Níl cead a thuilleadh ag siúlóirí cnoc cuairt a thabhairt ar
chodanna áirithe de raonta sléibhte ar nós cheantar Binn Ghulbain i
Sligeach, Na Beanna Beola i gConamara, sléibhte Uíbh Ráthaigh nó
áiteanna i gCorca Dhuibhne i gCiarraí, nó ar leithinis Bhéara nó
sna Cumaraigh.
* Nil cead ag seandálaithe cuairt a thabhairt ar thuamaí
meigiliteacha tábhachtacha ar nós An Chairn Bháin i gContae na
hIarmhí.
* Táthar tar éis cosán isteach go Loch Deán i gCill Mhantáin
a bhlocáil, cosán álainn a bhí in úsáid ag glúnta spaisteoirí
agus siulóirí cnoc.
* Táthar tar éis dhá chosán i nGleann Crí a bhí in úsáid
leis na cianta a bhlocáil, agus murach mhuintir na háite, a bhí
sásta an cás a thabhairt chun na hArd Cúirte, bheadh siad caillte go
deo.
* Fiú na tránna níl siad slán ó bhaol: tá Trá Ogúil, gar
do Chathair na Mart, blocáilte ón mbliain 1989 agus níl tada déanta
ag an údarás áitiúil faoi. Fágadh faoi mhuintir na háite agus Keep
Ireland Open aird a thabhairt ar an bhfadhb seo.
If you would like to inform us of any problems in your area
please email us at info@keepirelandopen.org
leathanach baile | aidhmeanna KIO | abhair aighnis |
polasaithe | rol
agus cur cuige | nuachtlitir | claru
mar bhall | litreacha | dean teagmhail linnt