POLASAÍ KIO I LEITH
ROCHTAIN AR AN TUATH
An Fhadhb
An bhfuil fadhb ann i ndáiríre maidir le rochtain ar
an tuath? An gá go mbeadh cearta dlithiúla againn fad is gur féidir
linn dul amach faoin tuath?
Is í an fhírinne go bhfuil pé cearta neamhfhoirmiúla
a bhí againn rochtain ar ár dtuath féin á gcailliúint go tapa
againn. Go dtí le déanai is beag fadhb a bhí ann maidir le rochtain
ar an tuath, mar go raibh dearca réchúiseach go leor ann i leith
ligean do dhaoine siúl thar thalamh príobháideach. Ach tá athrú
tagtha ar an dearca seo le blianta beaga anuas. Is ábhar buartha é go
bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcásanna ina gcuireann comharthaí
agus fálta naimhdeacha cosc ar dhaoine atá ag iarraidh siúl thar
talamh príobháideach, na fálta go minic in áiteanna inar deineadh
coimíneachtaí a roinnt. Tá go leor áiteanna a bhí oscailte do
shiúlóirí agus do dhreamanna eile de lucht úsáidte na tuaithe mar
chaitheamh aimsire leis na glúnta á ndúnadh anois: ó Sheancheann
Chionn tSáile go codanna de na Beanna Beola i gConamara, codanna de na
sléibhte ar leithinisí Uíbh RAthach, Chorca Dhuibhne agus Bhéara.
Níl cead a thuilleadh ag seandálathaithe nó ag staraithe cuairt a
thabhairt ar thuamaí meigiliteacha tábhachtacha áirithe nó ar
láithreacha stairiúla agus séadchomharthaí eile. Ní féidir a
bheith cinnte maidir le cead rochtana ar thránna fiú: tá Trá Ogúil,
gar do Chathair na Mart, dúnta ón mbliain 1989 agus níl tada déanta
ag an údarás áitiúil, Comhairle Contae Mhuigheo, chun é a
ath-oscailt. Dhún úinéirí talún go leor codanna de na slite
slímharcáilte fad-achair san iardheisceart ag amanna éagsúla san am
atá thart.
Níl an fhadhb chomh soiléir i gCill Mhantáin ná in
Oirthear na tíre i gcoitinne. Agus mar a tharlaíonn is iad seo na
ceantair ina bhfuil an líon is mó siúlóirí agus ina bhféadfadh
cúis dlisteanach gearáin a bheith ag úinéirí talún. Is ar bhord
farraige an iarthair is mó atá na fadhbanna is righne, ceantar ina
bhfuil an líon is lú siúlóirí. Is sa cheantar seo is mó a
d'fhéadfaí siúl na gcnoc agus caithimh aimsire eile amuigh faoin aer
a fhorbairt do thurasóirí.
Níl cearta ar bith ag lucht
úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire. Is ar thaobh
na n-úinéirí talún ata na cearta dlithiúla go léir a bhaineann le
rochtain. Is iad na Páirceanna Náisiúnta an t-aon áit ina bhfuil
saoirse fánaíochta. Cé go gcuimsíonn siad cuid de na limistéir is
áille níl iontu ach timpeall 1% den tír.
Réitigh ar an
bhfadhb rochtana ar baineadh triall astu
Trialladh cur
chuige go hiomlán deonach i leith fadhbanna rochtana le
blianta fada anois. Is féidir le húinéir talún cead rochtana ar
thalamh a tharraingt siar ag am ar bith gan fáth ar bith a thabhairt.
Ciallaíonn sé seo gur féidir fiú bealaí siúil fadbhunaithe a
théann thar thalamh príobháideach a dhúnadh am ar bith gan rabhadh a
thabhairt.
Comhairle na Tuaithe
Sa bhliain 2004 bhunaigh an tAire Gnóthaí Pobail,
Tuaithe agus Gaeltachta Éamonn Ó Cuív – a bhfuil páirt-fhreagracht
ag a roinn (chomh maith leis an Roinn Comhshaoil) as fadhbanna rochtana
a réiteach – Comhairle na tuaithe, ar a bhfuil ionadaithe ó na
heagraíochtaí feirmeoireachta, lucht úsáidte na tuaithe mar
chaitheamh aimsire agus comhlachtaí stáit ar chás leo cúrsaí na
tuaithe, chun díriú ar cheist rochtain ar an tuath. Tá teipthe glan
ar ionadaithe eagraíochtaí na bhfeirmeoirí díriú ar na
buncheisteanna, gan trácht ar iad a réiteach. Tá diúltaithe go
seasta acu plé a dhéanamh ar an ngá atá le hathruithe reachtaíochta
chun na fadhbanna a bhaineann le rochtain ar an tuath a réiteach, ná
ar liostáil ná ar bhunú cearta slí. Tá KIO mar ghuth aonair ag
cruinnithe Chomhairle na Tuaithe ag iarraidh reachtaíocht a bhrú chun
cinn, an triúr nó ceathrar ionadaithe ó na heagraíochtaí
feirmeoireachta de shíor ag rialú ina n-aghaidh.
Ainneoin gur ann dó ó 2004 i leith, níl tada bainte
amach ag Comhairle na Tuaithe maidir le réiteach a fháil ar fhadhbanna
rochtana ar an tuath.
Is cosáin cheadaitheacha iad na
slite slí-mharcáilte fad achair gur féidir le húinéirí
talún a bhlocáil mar is mian leo – agus blocáiltear iad. Níl ach
tuairim is 3,000km d'fhaid iontu, ní mórán é ar chaighdeán
idirnáisiúnta. Agus ní théann ach timpeall 16% de na bealaí seo
thar talamh príomháideach, is ar tharmac nó trí fhoraoiseacha
buaircíneacha a théann cuid mhaith díobh.
De bharr easpa cearta rochtana ar an tuath is beag
infrastructúr atá ann chun tacú le bealaí siúil, ar nós dhroichid
coise, dreapaí, clárchosáin, cuaillí eolais agus eile a mbíonn
súil ag gnáth-shiúlóirí i dtíortha eile leo. Ta ganntanas
treoirleabhar siúil ann freisin, mar gur feidir le húinéirí talún a
éileamh go mbainfear amach tagairtí d'aon bealach a thrasnaíonn a
gcuid talún. Fiú cosáin atá creimthe, ní féidir iad a dheisiú gan
comhaontú an úinéara talún.
De réir an Irish Examiner,
15ú Márta 2007, b'éigean pleananna chun dreapadh an
tsléibhe is airde in Éirinn a dhéanamh níos sábháilte a chur siar
mar gheall ar cheisteanna cearta slí ar ard a dtugtar Dréimire an
Diabhail air. Cuireadh suim €100,000 ar fáil chun Corrán Tuathail a
fhorbairt do dhreapadóirí agus fuarthas comhlacht Albanach le
saineolas sléibhteoireachta chun obair shábháilteachta a dhéanamh ar
an dreapadh.
Níor thángthas ar aontú leis na húinéirí talún
áitiúla uile áfach, ag cur moill ar an tionscadal.
Scéim na
Siúlbhealaí
I 2008 thionscain an Rialtas Scéim Siúlbhealaí.
Cuireann sé seo airgead poiblí ar fáil d'fheirmeoirí chun cosáin a
bhunú agus a chothabháil. Íoctar ó íosmhéid €725 go huasmhéid
€1900 in aghaidh na bliana chuige seo. Ar an droch-uair ní bhunaíonn
an scéim seo cearta rochtana poiblí ar bith. Is féidir le feirmeoirí
tarraingt siar ón scéim ar fhógra sé mhí agus, ag deireadh cúig
bliana, déanfar idirbheartú arís ar an scéim uile.
Go dtí seo tá roinnt siúlbhealaí ceadaitheacha
bunaithe ar bhonn náisiúnta mar thoradh ar an scéim seo. Seans go
gcuirfear ar ceal arís iad i gceann cúig bliana.
Turasóireacht Siúil
Le blianta beaga anuas tá méadú maith tagtha ar líon
na dturasóirí siúil atá ag teacht go hÉirinn, ach is ó bhonn
an-bheag é. Measaimid nach bhfuil san ioncaim ó thurasóireacht siúl
ach an ceathrú cuid den ioncaim in Albain, tír atá cosúil ó thaobh
méid, tír-raoin is aeráide de.
Beidh mearbhall ar shiúlóirí eachtrannacha, a bhfuil
taithí acu ina dtír dhúchais ar limistéir fhairsinge siúil atá
línithe go soiléir i dtír nach féidir leo a bheith cinnte cad iad na
háiteanna inar féidir nó nach féidir leo siúl. Beidh díomá orthu
freisin faoin nganntanas infrastructúir agus treoirleabhar. Agus má
bhíonn, mar a tharlaíonn, teagmháil mí-thaitneamhach acu le huinéir
colgach talún – agus is mó seans go dtarlóidh a leithéid dóibh
siúd nach bhfuil taithí acu ar an gceantar áitiúil – cinnte go
bhfanfaidh an chuimhne leo agus go n-inseoidh siad dá gcairde faoi.
Tríd is tríd, ní hé seo an bonn is fearr le tionscal
rathúil a thógáil air, tionscal atá bunaithe sa tuath, atá
neamhdhíobhálach don timpeallacht agus a chuireann le fad séasúr na
turasóireachta.
Fáthanna a luann
úinéirí talún chun rochtain a dhiúltú
Fadhbanna Árachais
Ó ritheadh an dlí atá againn faoi láthair maidir
le dliteanas poiblí i 1995 tugadh roinnt cásanna ina raibh siúlóirí
ag iarraidh an dlí a chur ar úinéir talún tar éis gortú a bhaint
dóibh. I ngach aon cás chaill an té a thug an cás. I gcás amháin
d'éirigh le cúis dlí a thug spaisteoir i gcoinne úinéara talún
(nárbh fheirmeoir é) – ach gur buaileadh an bhreith ar achomharc.
D'éirigh chomh maith le hAcht 1995 ó thaobh úinéireachta talún de
nach bhfuil sa ghné sin d'árachas dliteanais phoiblí a chúmhdaíonn
úsáideoirí fóillíochta in aghaidh ghortuithe ach cuid bídeach de
bhillí árachais formhór úinéirí talún. Ach baineann na
heagraíochtaí feirmeoireachta úsáid as ceist an árachais chun
rochtain a dhiúltú ar an mbonn go bhféadfadh a mbaill a bheith faoi
dhliteanas sa chás go mbainfeadh gortú do shiúlóirí ar a gcuid
tailte. Tá sé sin míthreorach d'aon gnó. Cuimhnigh: is fada uainn
1995 anois agus idir an dá linn níor éirigh le fiú cás amháin dlí
i gcoinne úinéara talún. Dealraíonn sé nach bhfuil a fhios ag
mórán daoine – úinéirí talún ina measc – faoi seo.
Damáiste a dhéanann siúlóirí
Bíonn siúlóirí géilliúil don dlí go hiondúil
agus go mór ar an eolas maidir le damáiste do réadmhaoin daoine eile
agus ní móide go bhfágfaidh siad bruscar ina ndiaidh. I dteannta le
ceart rochtana ar an tuath tagann freagrachtaí: ómós don tuath,
dualgas gan dochar ná damáiste a dhéanamh don fhiadhúlra ná do
bharra, ná cur isteach orthu, ná bruscar a chaitheamh. Coisceann
soláthar dreapaí, geataí etc. damáiste do réadmhaoin úinéirí
talún.
Is é mo chuid talún é ( agus tig liom mo rogha rud a
dhéanamh leis)
Agus an dlí 100% ar a dtaobh acu dealraíonn sé go
bhfuil seasamh thar a bheith ionsaitheach forbartha ag úinéirí talún
Éireannacha i dtaobh siúlóirí ar a gcuid talún. Ach ní hann do
dhearbh-chearta réadmhaoine faoinár mbunreacht. Tá KIO ag éileamh
rochtana réasúnta agus freagraí ar an tuath.
Príobháideacht
Tá feirmeoirí agus úinéirí eile talún i dteideal
príobháideachta. Thacaíomar i gcónaí leis an gcoincheap go
dtreorófaí cosáin siúil amach ó thithe cónaithe príobháideacha.
Níl bunús ar bith le mana na n-eagraíochtaí feirmeoireachta – Cé
mar a thaitneodh sé leatsa dá mbeadh feirmeoirí ag siúl trí do
gháirdín?
An Scéal i dtíortha eile
Tá cinál éigin rochtana forbartha dlithiúla ar an
tuath ag formhór thíortha na hEorpa.
Maireann cearta fánaíochta (bunaithe ar ómós don
tuath) sa riocht is fíre sa bhFionlainn, san Íoslainn, san Iorua agus
sa tSualainn, a cheadaíonn siúl trí nó campáil ar thalamh dhuine
eile. Cuimsíonn sé seo ceart iomlán rochtana ar thránna, ar
úrthránna, ar dhumhcha agus ar aillte. I dteannta leis na cearta seo
tagann freagrachtaí – dualgas gan dochar ná damáiste a dhéanamh
don fhiadhúlra ná do bharra, ná cur isteach orthu, ná bruscar a
chaitheamh.
An tSualainn
Is rud ar leith é an reachtaíocht i dtaobh ceart
rochtana ar thalamh príobháideach sa tSualainn. Níl áit ar bith eile
sa domhan inar féidir gluaiseacht timpeall faoin tuath chomh
saoráideach.
Cumhdaithe i mbunreacht na Sualainne agus ar fáil do
chách ambeadh fonn orthu, tugann an ceart rochtana poiblí (Allemansrätt
sa tSualannais – cearta gach aon duine) ceart fánaíochta faoin tuath
sa tSualainn go lán-suaimhneach gan baol go ndéarfadh éinne leat
"Bailigh leat ó mo chuid talún", 'sé sin mura dtéann tú
ag satailt trí churaíocht fheirmeora éigin.
'Saoirse fánaíochta', 'ceart rochtana poiblí', 'ceart
fánaíochta'. Is iomaí bealach inar féidir an ceart seo a chur i
bhfocail agus ciallaíonn sé go bunúsach go bhfuil an ceart agat
siúl, rothaíocht, marcaíocht, sciáil nó campáil ar thalamh ar bith
seachas gáirdíní príobháideacha, i ngar-chóngaracht tithe
cónaithe nó ar thalamh saothraithe.
Gan amhras tugann an ceart seo freagracht leis aire a
thabhairt don tuath agus gan an timpeallacht a scrios ná cur isteach
uirthi.
(ó láithreán gréasáin oifigiúil taistil is
turasóireachta na Sualainne
www.visitsweden.com )
Albain
Tá traidisiún fada rochtana ar fhormhór na talún in
Albain agus dhaingnigh an tAcht um Athchóiriú na Talún 2003 é seo.
Tá ceart reachtúil rochtana freagraí ag siúlóirí ar thalamh uile
na tíre (cosúil le Críoch Lochlainn) seachas gan amhras, tailte
iarnód, aerpháirceanna, calafoirt, cairéil, curaíocht, gáirdíní,
i ngar-chóngaracht tithe príobháideacha etc. Tugann An Cód Rochtana
Allamuigh Albanach mion-treoir ar chleachtadh rochtana freagraí.
Sasana agus An Bhreatain Bheag
Tá os cionn 225,000km de bhealaí easbhóthair a
áirítear mar Chearta Slí Poiblí i Sasana agus sa Bhreatain Bheag,
chomh maith le hiliomad cosáin eile – cosáin marcaíochta, cosáin
tarraingthe agus iarnróid as úsáid. Thug an tAcht um Thuath is Cearta
Slí – The Countryside and Rights of Way Act 2000 (CROW)
– ceart
rochtana do shiúlóirí ar fhormhór na limistéar neamhshaothraithe,
timpeall 1.4 milliún heicteár de thuath oscailte – sliabh,
móinteán, fraochmhá, mínchnoc is coimín, chomh maith leis na
Páirceanna Náisiúnta. Cuireadh go láidir in aghaidh Acht CROW
roimh ré ach ó cuireadh i bhfeidhm é is ar éigean gur chualathas
focal easaontais ina thaobh. Rud eile dhe, ritheadh an Bille Muirí is
Rochtain Cósta (The Marine and Coastal Access
Bill) i Samhain
2009 a bhunóidh bealach cósta timpeall an 4,345km de chósta Shasana
chomh maith le buan-cheart rochtana. Táthar ag súil go dtógfaidh sé
suas le deich mbliana an bealach cósta a chruthú agus go gcosnóidh
sé thart ar £50 milliún. Nuair a bheas sé críochnaithe ceanglófar
é le Bealach Cósta na Breataine Bige, a bhfuiltear ag súil a bheith
críochnaithe faoi 2012.
An Iorua
Tá cead rochtana ar an tuath ag gach éinne san Iorua,
ceart traidisiúnta ó thús ach atá anois leagtha síos sa
reachtaíocht a rialaíonn ceart rochtana. Tá sé tábhachtach a
mheabhrú go bhfuil an ceart seo bunaithe ar ómós don tuath agus go
gcaithfidh cuairteoirí cuimhneamh ar fheirmeoirí agus ar úinéirí
talún, ar úsáideoirí eile agus ar an timpeallacht.
Go praiticiúil ciallaíonn an ceart rochtana:
- gur féidir leat dul áit ar bith sa tuath oscailte (talamh gan
fál) ag siúl nó ar scíonna agus picnic a chaitheamh áit ar bith
is mian leat. Ciallaíonn tuath oscailte talamh neamhshaothraithe.
San Iorua clúdaíonn an téarma an chuid is mó de chladaí,
phortaigh, fhoraoisí agus shléibhte...
- gur féidir leat puball a chur suas, nó codladh faoi na réalta
don oíche áit ar bith faoin tuath, i bhforaoisí nó ar shléibhte
seachas i bpáirceanna saothraithe nó ar leatoabhanna páirceála.
Caithfidh tú fanacht ar a laghad 150 méadar ón teach nó bothán
is cóngaraí, áfach. Má theastaíonn uait fanacht breis is dhá
oíche san áit chéanna, caithfidh tú cead an úinéara talún a
lorg, ach amháin sna sléibhte nó in áiteanna an-iargúlta...
ó threoraí oifigiúil taistil na hIorua, féach
www.visitnorway.com
An Ostair
44,000km de chosáin mharcáilte, ceart fánaíochta i
limistéir fhoraoise agus i roinnt limistéir shléibhe. I limistéir
eile tá an ceart ag úinéirí talún rochtain a dhiúltú, ach,mar
gheall ar thábhacht na turasóireachta sléibhte, is annamh a chuirtear
i bhfeidhm é.
An Ghearmáin
Coinníonn grúpaí de shiúlóirí caoi ar 200,000km de
chosáin shlímharcáilte (seans gur ann do chinn eile). Cuimsíonn betretungsrecht
– an ceart traidisiúnta ar shaor-rochtana – foraoisí, talamh
oscailte agus cladaí, chomh maith le cosáin agus bóithre, ach níl
talamh feirme iata san áireamh. Cuireadh bonn reachtúil nua faoi.
An Spáinn
Faoi láthair tá próiséas athchóirithe ar siúl sa
Spáinn maidir leis na dlithe a bhaineann le rochtain. Faoi láthair tá
ceart ginearálta dlithiúil rochtain ar limistéir shléibhe, ar an
gcósta agus ar limistéir eile ardscéimhe . Tá os cionn 100,000km de
chosáin faoi chothabháil. Tá gréasáin dea-fhorbartha cosán sna
hOileáin Chanáracha, sna Piréiní agus i gceantair thábhachtacha
eile shléibhe. Tá ceart rochtana ar bhruacha aibhneacha is canálacha.
Tá plean uaillmhianach ann an tír ina hiomláine a nascadh le
gréasán cosán/ bealaí rothaíochta – cosáin stairiúla, cosáin
mharcaíochta, bóithre dráibhéirí, iarnróid as úsáid,
sean-bhóithre agus cosáin tharraingthe ina measc. Mar shampla, is
cosán 1,280km a osclaíodh le déanaí é an GR 99, El Camino Natural
del Ebro, a leanann bruach uile abhainn an Ebro.
An Fhrainc
Clúdaíonn gréasán leathan cosán an tír ina
iomláine – os cionn 58,000km de chosáin fad-achair agus 120,000km de
chosáin áitiúla. Tá úrthránna agus tránna faoi úinéireacht
phoiblí agus tá stráice 3 mhéadar fán chósta oscailte do
shiúlóirí, maraon leis an gceart rochtana ar an stráice seo.
An Fhionlainn
Tugann an coincheap ársa de chearta an Ghnáthdhuine an
ceart bunúsach do chách dul ag fánaíocht go saorálach faoin tuath
gan gá cead a lorg is cuma cé leis an talamh nó cé atá ag áitiú
ann... Ní chuimsíonn ceart an Ghnáthdhuine gníomhaíochtaí a
dhéanann dochar don timpeallacht nó a chuireann isteach ar dhaoine
eile áfach... Tá cead bunúsach ag gach éinne siúl, sciáil,
rothaíocht nó marcaíocht go saorálach sa tuath chomh fada agus nach
ndéanann sé seo dochar do réadmhaoin ná don dúlra.
– ó Chearta an Ghnáthdhuine sa bhFionlainn, Aireacht
Comhshaoil na Fionlainne 2007
(féach www.ymparisto.fi/download.asp?contentid=25603
)
Éire
In Éirinn ar éigean go bhfuil ceart dlithiúil ar bith
agat cos a leagan ar thalamh príobháideach, is cuma cé chomh
hiargúlta. Ar éigean gur ann do chearta slí ar bith, seachas cinn
fhollasacha ar nós bhóithre poiblí nó páirceanna uirbeacha.
Sin an fáth,i lomchontrárthacht le tíortha eile na
hEorpa, go dteorainnaítear siúlóirí ócáideacha ar tharmac go
minic, nó go mbíonn orthu srachailt ar chosáin eadrannacha trí
cheantair nár cuireadh infrastructúr ar bith (dreapaí etc.) ar fáil
iontu nó, níos measa fós, inar féidir le húinéir talún iad a
dhíbirt gan fáth ar bith.
Réiteach molta
Caithfear an dlí a athrú
Tá an reachtaíocht reatha ar rochtain ar an tuath
simplí agus leatromach: tá an dlí go hiomlán ar thaobh na
n-úinéirí talún. Is féidir leo lucht úsáidte na tuaithe mar
chaitheamh aimsire a dhíbirt ar chúis ar bith, nó gan cúis. Tá
úinéirí talún ag baint úsáide as an éagothramaíocht seo chun
lucht úsáidte na tuaithe mar chaitheamh aimsire a choineail amach as
áiteanna a dtéidís ag siúl iontu go traidisiúnta, é sin nó
airgead a éileamh orthu chun rochtain a cheadú. Tá athrú dlí ó
bhonn ag teastáil go géar uainn.
Is é ár bpríomh-sprioc ceart rochtana ar an tuath a
thabhairt do lucht a húsáidte mar chaitheamh aimsire.
Is féidir a bhfuil uainn inár bhfeachtas a chur i
dtrí fhocal: reachtaíocht, reachtaíocht, reachtaíocht.
Cén cineál reachtaíochta?
Ar dtús caithfimid idirdhealú a dhéanamh idir saoirse
fánaíochta agus cearta slí. Ar thalamh bocht, nó féarach garbh,
ceadaíonn saoirse fánaíochta do lucht a úsáidte mar chaitheamh
aimsire dul ag fánaiocht ar a dtoil, ach amháin i ngar do thithe, ar
thalamh curaíochta etc. – mar is gnách in Albain agus i gCríoch
Lochlainn ar fad agus i gcodanna de Shasana is den Bhreatain Bheag. Níl
limistéir ar bith againn in Éirinn atá cuimsithe ag saoirse
fánaíochta seachas na Páirceanna Náisiúnta (nach bhfuil iontu ach
níos lú na 1% d'achar iomlán na tíre).
I limistéir dhian-shaothraithe is iad cearta slí an
norm. Is cosáin líneacha nó rianta iad seo nár chóir go n-imeodh an
siúlóir uathu. De gnáth marcáiltear iad ar mhapaí agus ar chuaillí
eolais. Tá fíor-bheagán cearta slí againn in Éirinn.
Mar sin táimid ag lorg ceart dlithiúil a cheadaíonn
saoirse fánaíochta ar thalamh gur féarach garbh iargúlta don chuid
is mó é, sin thart ar 7% d'achar iomlán na tíre. Ba chóir go
marcálfaí limistéir faoi chumhdach saoirse fánaíochta ar na mapaí
agus go dtaispeánfaí iad ar an talamh. Ní cheadófaí saoirse
fánaíochta riamh gar do thithe chónaithe ná thar churaíocht, ná i
limistéir shíor-loitiméireachta.
Do limistéir eile, go mórmhór ar thailte ísle,
molaimid cearta slí chun rochtain ar limistéir a bheadh cúmhdaithe
faoi saoirse fánaíochta chomh maith le siúlóidí lúbtha nó
siúlóidí go limistéir sainspéise, ar nós limistéir ardscéimhe
nó láithreáin stairiúla nó seandálaíochta.
Féadfaidh úinéirí talún tairbhe a bhaint as cearta
slí. In áit siúlóirí a bheith ar seachrán go mearbhalach trí
limistéir feirmeoireachta d'fhéadfaí iad a threorú chuig cearta slí
agus sa chaoi sin suaitheadh nó achrann nach gá a sheachaint. Níor
chuir rialtas ar bith Éireannach, ná mórán údaráis áitiúla,
dúshlán faoi úinéirí talún go fóill chun rochtain ar an tuath a
éascú.
Táimid i mbun feachtais freisin chun srian láidir a
chur le fál sreinge deilgní ionsáite i limistéir ina gceadófaí
saoirse fánaíochta.
Moladh do dhálaí na hÉireann
Cé go nglacaimid leis go bhféadfaí go n-éireodh
fadhbanna maidir le reachtú do cheart fánaíochta in Éirinn,
is deacair a thuiscint ceard a bheadh ag úinéirí talún i gcoinne
siúlóirí ag trasnú talaimh ard oscailte gan fál dá mbeidis
freagrach. Molaimid an cur chuige seo, le srianadh réasúnta a bheadh
comhaontaithe le húinéirí talún, don chuid is mó den tír. Ba
chóir go nglacfadh údaráis áitiúla, lucht turasóireachta agus
clubanna áitiúla siúil ról gníomhach i réiteach agóidí. San áit
a mbeadh deacrachtaí, molaimid go gcruthófaí cearta slí, a bheadh
sainithe go soiléir, trí thalamh feirme chun rochtain ar thalamh
oscailte, ar limistéir thaitneamhachta nó ar láithreáin
seandálaíochta, le cúiteamh réasúnta d'úinéiri talún, ag brath
ar an achar talún steirilithe. Tá gá ar leith le cearta slí i
gceantar Shléibhte Bhaile Átha Cliath is Chill Mhantáin, ina bhfuil
líon mór siúlóirí agus inar fhulaing roinnt úinéirí talún de
bharr gníomhachtaí treaspasóirí is loitiméirí mífhreagracha. Is
ann don reachtaíocht a cheadódh cearta slí a chruthú cheana féin
ach tá sé uafásach ársa is míshoiléir. Caithfear reachtaíocht
shoiléir nua-aimseartha chur ina háit.
Tá stádas cearta slí an lae inniu in Éirinn
míshásúil, le neamhchinnteacht maidir leis na háiteanna gur ann
dóibh agus ag teip ar bheagnach gach údarás áitiúil iad a aithint,
gan bacadh lena liostú ná a gcothabháil ná chun imeachtaí
forfheidhmiúcháin a thionscnamh sa chás go mblocáiltear iad.
Ról na n-údarás áitiúil go dtí seo
I dtaithí siúlóirí is an phobail i gcoitinne tá na
húdaráis aitiúla neamhéifeachtach ina láimhsiú ar agóidí cearta
slí is rochtana. Ní heol dúinn cás ar bith in áit ar bith sa tír
inar ghníomhaigh na húdaráis áitiúla go héifeachtúil chun cabhrú
le cearta siúlóirí, is cuma cé chomh cóir is a bhí cás na
siúlóirí.
Má táthar chun agóidí a réiteach beidh gá le meon
níos bríomhaire is níos réadúla chun leasanna siúlóirí – agus
dá bhrí sin leasanna turasóireachta – a chur san áireamh. Mar
thús, ba chóir go gceapfaí Oifigigh Rochtana i gcontaetha ina bhfuil
an siúl mar ghníomhaíocht fóillíochta thábhachtach. Ba chóir go
mbeadh dualgas dlithiuil ar údaráis áitiúla bealaí siúil a
aithint, a liostú is a chosaint. Más amhlaidh nach n-éiríonn leo, ba
chóir go mbunófaí coimisiún náisiúnta do bhealaí siúil chun é a
dhéanamh ar son an phobail.
Céard a tharlóidh mura ndéantar aon
rud
Mura ndéantar rud éigin go luath eireoidh deacrachtaí
níos minice idir úinéirí talún agus daoine ag iarraidh talamh a
thrasnú, mar tá an tsiúlóid mar chaitheamh aimsire ag fás i
gcónaí. Is féidir go mbeidh sé i bhfad níos deacra siúlóirí
iasachta (agus daoine nach iad a bhaineann úsáid as an tuath mar
chaitheamh aimsire) a mhealladh chun na tíre seo. Tragóid a bheadh
anseo mar d'fhéadfadh Éire a bheith mar phríomh-rogha ag siúlóirí
ón mBreatain agus ó mhór-roinn na hEorpa mar gheall ar a tírdhreach
tarraingteach agus a ceantair breá siúil.
Má theastaíonn uait muid a chur ar an eolas maidir le
fadhb ar bith i do cheantar cuir ríomhphost chugainn le do thoil ag
info@keepirelandopen.org
Cé Muidne
|
Ábhair Aighnis |
Aidhmenna_kio |
Conas Clárú mar Bhall |
Nuachtlitir |
Sean-Nuachtlitreacha |
Litreacha |
Roinnt Fadhbanna |
Naisc |
Fóto-Ghailearaí |
Déan Teagmháil Linn