Roinnt
fadhbanna rochtana ar leith
Ní liosta iomlán é
seo in aon chor. Baineann sé le nádúr gur féidir go n-imeoidh na
fadhbanna seo as amharc ach go bhfillfidh siad ar chúis ar bith nó gan
cúis dhealraitheach, rud a leagann béim eile fós ar an ngá mór atá
le reachtaíocht chun rochtain ar an tuath a cheadú.
Má's eol duit fadhb
rochtana ar bith nach bhfuil sa liosta seo cuir ar an eolas muid le do
thoil. Mar an gcéanna, má's eol duit gur réitíodh ceann ar bith de
na fadhbanna a liostaítear anseo cuir ar an eolas muid freisin, le do
thoil.
Contae an
Chláir
Leacht Uí
Chonchubhair Sean-chosáin sa Bhuireann
blocáilte ag feirmeoirí.
Cás eile le déanaí maidir le rochtain a bheith
blocáilte sa mBuireann curtha in iúl dúinn ag turasóir
Meiriceánach.
Each Inis
úinéir talún áitiúil ag
iarraidh sean-bhealach gar do Loch Dearg atá ann le fada a dhúnadh le
fál.
Contae
Chorcaí
An Gabhal Mór
(Sugar Loaf) Tá
bealach siúil a théann suas an taobh thoir den sliabh mórthaibhseach
seo in Iarthar Chorcaí blocáilte ag an úinéir áitiúil talún.
Bealach é seo a deineadh cur síos air i leabhair siúil chomh fada
siar le 1978, agus i dtreoirleabhar Gearmánach Wanderwege in Irland
i 1993. Níl tada déanta ag Comhairle Contae Chorcaí faoi ainneoin
agóidí éagsúla.
Guagán Barra
Tá fadhbanna rochtana i nGuagán
Barra, ceann de na siúlóidí is fearr le daoine sa cheantar, cosán
ard os cionn chomlocha álainn gar d'aillte arda. Deineadh cur síos ar
an tsiúlóid seo le i dtreoirleabhair chomh fada siar leis na
seachtóidí agus suas go dtí 1999. Ní raibh fadhbanna rochtana riamh
anseo ach anois ta comharthaí naimhdeacha (NO HILL WALKERS, NO
TRESPASSING etc), fálta láidre, sreang deilgní ar gheataí glasáilte
agus a leithéid san áit . D'fhéadfadh sé a bheith contúirteach,
i ndroch-aimsir mar shampla, iarracht a dhéanamh teacht anuas bealach
eile timpeall na naillte ar an taobh thuaidh den ghleann.
Three Castles Head
Tá an limistéar seo, a dtéann go
leor daoine ag siúl ann, blocáilte anois ag comharthaí bagracha ag
cur in iúl go bhfuil na fothracha ar an gceann tíre contúirteach.
Seans go bhfuil sé seo fíor ach ba cheart go gcuirfí fógra á rá
sin ar na foirgnimh fein. Dealraíonn sé gur leithscéal chun rochtain
a chosc atá sa gcomhartha san áit ina bhfuil sé faoi láthair.
Seancheann Chionn
tSáile Níl
cead a thuilleadh ag cuairteoirí lae ná siúlóirí ócáideacha siúl
anseo, áit a bhí mar "scámhóg" thraidisiúnta do mhórán
daoine ó cheantar Chorcaí ó 1870 ar a laghad. Tá an leithinis trí
chéile, limistéar ardscéimhe a mbíodh tarraingt an phobail uirthi le
fada, blocáilte ag na húinéirí. D'eagraigh muintir na háite
an-chuid léirsithe móra chun aird a tharraingt ar an éagóir ach ar
deireadh thacaigh an tArd Chúirt le cás na n-úinéirí. Bheadh
seasamh níos laige acu dá mbeadh siúlóid timpeall na leithinse
áirithe ag Comhairle Chontae Chorcaí mar chuid dá phlean forbartha.
Contae na
Gaillimhe
Ceann Léime. An
Caorán Mór, beagán siar ó ghalf-chlub Chonamara
Ta limistéar mór timpeall Cheann Léime blocáilte
le blianta fada le fálta agus comharthaí bagracha: PRIVATE PROPERTY
TRESPASSERS WILL BE PROSECUTED ar gheata thar bhóthar a bhfuil
cosúileacht bhóthar phoiblí air, chomh maith le comhartha DANGER
BEWARE OF THE BULL ar chuaille an gheata. Ní fhacamar tarbh, ná
beithíoch ar bith eile seachas cúpla caora, agus capall. Seo an t-aon
bóthar a théann go deireadh na leithinse, timpeall 2km. Díreach os
cionn an chladaigh tá comhartha eile NO ACCESS FOR PEDESTRIANS agus
ansin go leor fálta deilgní ar éirigh leo faoi dheireadh stopadh a
chur linn. Cosctar rochtain ar limistéar mór, agus ar radharcanna
breátha de Cheann Léime agus a dhá theach solais. Bhíomar ábalta
trá bhreá a fheiceáil taobh thall den bhfál deilgní. Tá tobar
beannaithe ann freisin, Tobar Chaillín – de réir an scríbhneora Tim
Robinson – maraon le leaba an naoimh, a dtugann na céadta de mhuintir
Chonamara cuairt air ar an 13ú Samhain gach bliain, mar gurb é Naomh
Caillín patún na n-iascairí. Meas tú cén bealach rochtana atá acu
ar an áit?
Gleann Eidhneach,
Conamara
Gleann álainn a cheadaíonn rochtain ar na Beanna
Beola. Deir Tim Robinson go bhfuil sraith clocha ón Chré-Umhaois sa
ghleann. Níor aimsíomar é.
Pháirceálamar ar an bpríomh-bhóthar agus
rothaíomar suas an gleann mar go raibh cloiste againn gur siúlóirí
ag blocáil an bhóthair agus geataí lena gcarranna faoi deara
mí-shástacht an úinéara talún. Tá geata thar an bhóthar, ar
chosúil gur bóthar poiblí é. Rothaíomar, ansin shiúlamar suas an
gleann, bhuaileamar le roinnt daoine a bheannaigh dúinn. Nuair a
d'fhilleamar ar an bpríomh-bhóthar arís bhí comhartha PRIVATE
PROPERTY NO TRESPASSING – nach raibh ann agus muid ar an mbealach
isteach – curtha in airde!
D'inis fear áitiúil dúinn arís gur cuma leis na
húinéirí talún dáiríre faoi dhaoine ag dul isteach sa ngleann ach
gur chuir droch-pháirceáil carranna as dóibh. Cén fáth mar sin nach
gcuirfidís comhartha a mhíneodh sin in airde? Tá an fhadhb seo ag dul
ar aghaidh le breis is deich mbliana.
Caisleán Bhun
Abhann, gar do Chnoc an Dúin, thart ar 4km siar ó dheas ó Bhaile
Conaola
Coscann comhartha PRIVATE NO ADMITTANCE rochtain.
Dúradh linn nach dteastaíonn ón úinéir talún go mbeadh daoine ag
dreapadh ar an gcaisleán mar go bhfuil bail contúirteach air, rud a
thuigfeá. Ach cén fáth nach gcuirfí comhartha á chur in iúl in
airde in áit an NO ADMITTANCE?
Rinn Mhaoile,
Órán Mór
Tá cosán maith – Slí na Sláinte atá ann –
chomh fada leis an bPointe ó chlub na mbád, agus na céadta daoine á
úsáid an tráthnóna a rabhamar ann, ach i ndiaidh an Phointe tá sé
clúdaithe le fiailí agus ansin tá sé blocáilte ag comhartha PRIVATE
PROPERTY NO TRESPASSING ag balla chlub gailf Chuan na Gaillimhe. D'inis
roinnt daoine ón áit dúinn go bhféadfaimis dul timpeall ar na
carraigeacha dá mbeadh sé ina lag thrá ach dúirt freisin gur mór an
trua nach raibh an cosán seo – ar Shlí na Sláinte é – tógtha i
gceart ag na húdaráis, go bhféadfadh sé dul leis an gcósta chomh
fada siar leis an Rinn Mhór agus le cathair na Gaillimh. Dúradh linn
freisin go bhfuil Óstán an Country Club dúnta le blianta.
Contae
Chiarraí
Gleann Inse
Coinn Is ag bun an ghleanna seo ar Leithinis Bhéara a thosaíonn
siúlóid sléibhe mhór-éilimh ar deineadh cur síos uirthi i
dtreoirleabhar Gill and Macmillan chomh fada siar le 1978. Tá
'forbairt' déanta ag na húinéirí ar an gceantar seo agus ní háil
leo daoine nach dteastaíonn uathu ach rochtain ar an limistéar
sléibhe gan suim a léiriú san 'fhorbairt'.
Tharla eachtra anseo le mór-staraí agus
scríbhneoir agus ghlac an Comhairle Contae maraon le Turasóireacht an
Iar-dheiscirt leis gur eachtra tromchúiseach a bhí ann. Gheall siad go
rachaidís i dteagmháil leis an úinéir, ach níl a thuilleadh cloiste
againn uathu ó shin.
An Triúr
Deirféar, Ceann Sibéal
Aillte áille farraige in iar-thuaisceart Chorca
Dhuibhne a raibh cead rochtana ag an bpobal orthu i gcónaí go dtí le
déanaí. Ach chuir feirmeoirí áitiúla comharthaí naimhdeacha
dírithe ar shiúlóirí in airde sna bailte fearainn máguaird.
Mar thoradh ar na fógraí seo níl rochtain ag an
bpobal a thuilleadh ar shiúlóid álainn atá inchurtha le haillte an
Mhothair, ceann de na siúlóidí is mórthaibhsí san Eoraip b'fhéidir
agus a raibh saor-chead siúil san áit le dhá scór bliain ar a
laghad.
An Cosán
Mór Ó Dheas Tá bac á chur ag
úinéirí áitiúla talún ar iarracht atá á dhéanamh ag grúpa
áitiúl turasóireachta 85km den sean-iarnród idir Luimneach agus Trá
Lí a fhorbairt. Dealraíonn sé go bhfuil faitíos orthu roimh an
gclampar a dhéanfadh siúlóirí.Tá tionscadail dá leithéid curtha i
gcríoch i dtíortha eile gan fadhbanna.
Mullach an
Aitinn Is cuid de cheann de na
cosáin chiorclacha is breátha sa tír an tsiúlóid thar Mhullach an
Aitinn, siúlóid ard-leibhéal a thugann radharcanna breátha thar
Uíbh Ráthach agus níos faide fós. Go hiondúil luaitear í
dtreoirleabhair siúil faoin cheantar. Ach dúirt feirmeoirí áitiúla
le siúlóirí gan an bealach seo a shiúl agus dúradh le grúpa
amháin ar a laghad casadh siar cé go mbeadh orthu dul ag siúl sa
mbreacdhorchadas i gceantar sléibhe i Mí na Nollag. Tá imní ar lucht
turasóireachta áitiúil ach iad neamhchumhachtach.
Contae Chill
Dara
Ráth
Chofaigh Tá rochtain ar Chaisleán
Ráth Chofaigh, suíomh stairiúil tábhachtach agus séadchomhartha
náisiúnta, cosctha agus tá comhartha Trespassers Will Be Prosecuted
curtha in airde. Seirbheáladh eascairí ag bagairt gníomhaíochta Ard
Cúirte agus bille d'ard-chostaisí ar chúigear bhall déag de ghrúpa
stairiúil áitiúil mura dtarraingíonn siad siar éileamh gur ann do
cheart rochtana poiblí ar an gcaisleán.
Contae
Mhaigh Eo
Lann Chille,
Cathair na Mart Bhí KIO i dteagmháil le hOifig na nOibreacha
Poiblí maidir le dúnadh rochtain ar an láthair mainistreach seo.
Trá Ogúil
Cé go mbaineann an fhadhb seo go bunúsach le blocáil trá,
gearrann sé bealach tábhachtach rochtana ar Mhaol Ria, ceann de na
sléibhte is mórthaibhsí i gConnacht. Sa bhliain 1989 cuireadh fál go
neamh-dlithiúil timpeall ar thrá gar do Chluain Cearbhán
(Louisburgh), trá a mbaineann go leor daoine úsáid aisti. Tá an áit
atá i gceist faoi bharr taoide agus mar sin is leis an Stát í, go
teoiriciúil. Ainneoin go leor agóidí ní dhearna Comhairle Contae
Mhuigheo rud ar bith éifeachtúil faoin bhfadhb. Thug KIO an cás go
dtí an tOmbudsman a d'ordaigh go bhféachfadh Comhairle Contae Mhuigheo
chuige go práinneach go n-athosclófaí an trá. Cé go bhfuil
carrchlós neamhfhoirmiúil in aice na trá blocáilte anois ag an
úinéir talún níl tada déanta go fóill ag an gcomhairle contae.
Contae
Shligigh
Sléibhte
Chaisle Geala. Raon sléibhe tarraingteach é seo a bhfuil
radharcanna maithe uaidh ar Ghleann an Chairthe. Deineadh cur síos ar
an mbealach seo i ndá threoirleabhar ar a laghad, ceann acu a
foilsíodh chomh fada siar leis na seachtóidí. Faoi láthair tá
comharthaí naimhdeacha ar an gcéad mullach. Bhí alt á scríobh ag
déanamh cur síos ar an tsiúlóid don iris Walking World ach b'éigean
é a fhágáil ar lár.
Benwiskin
Faoi dheireadh tá deireadh leis an gconspóid
nimhneach a bhí ann le fada an lá, de réir státseirbhísigh a bhfuil
blianta caite acu ag iarraidh teacht ar réiteach. D'inis Andrew
McSharry – gur maith leis The Bull a thabhairt air féin – duine a
bhí lárnach sa chonspóid, d'iriseoirí le déanaí go gcuireann sé
fáilte anois roimh thurasóirí agus roimh shiúlóirí. Chabhraigh
tógáil bhóthar nua rochtana – a thóg Coillte – isteach go dtí a
theach le hathrú intinne McSharry. Is féidir le siúlóirí an bóthar
nua seo, ar íoc an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta as,
a úsáid freisin chun an beann a dhreapadh nó chun teacht anuas. Ní
hann do na comharthaí bagracha a thuilleadh agus is gearr go gcuirfear
cuaillí eolais i dtaobh siúlóide nua lúbtha in airde.
Cúilín
Mhór Cuireadh suas fál a
bhlocálann rochtan ar thrá mhóréilimh agus ar limistéar duimhche.
Contae na
hIarmhí
Coimpléasc meigiliteach ar an
gcnoc gar don Seanchaisleán
blocáilte. Chomh maith le bheith ina láthair réamhstairiúil
thábhachtach is í an t-aon tsiúlóid cnoic sa cheantar. Tá an
coimpléasc blocáilte agus ní bhfuarthas admháil ar litir chuig an
Roinn Rialtais cuí go fóill.
Contae
Chill Mhantáin
Gar don séipéal sa
Láithreach ar
an mbealach chun na mBrocaí téann an cosán, atá marcáilte go
soiléir, i bhfoisceacht 30m do theach a bhfuil athchóiriú á
dhéanamh air agus na húinéirí meáite ar chosc a chur le
siúlóirí. Tá an fhadhb seo á phlé faoi láthair.
Tá comharthaí naimhdeacha ag tarraingt ar
Chruachain Mhóire gar do
Ghleann
Má Luar. agus táimid ag coinneáil
súl ar an scéal.
Blocáladh dhá rian a bhí in úsáid le fada agus,
murach mhuintir na háite a bheith sásta an cás a thabhairt chun na
hArd Cúirte, bheidís caillte go deo.
Gleann Crí
Tá bealach siúil tábhachtach tríd
an ngleann seo caillte don phobal ó d'éirigh le hachomharc a rinne
forbróir réadmhaoine in aghaidh rialú sa Chúirt Chuarda a
dhearbhaigh gur ceart slí a bhí ann.
Tá bealach eile níos tábhachtaí fós a phlé faoi
láthair i gcath Ard Cúirte idir úinéir áitiúil talún saibhir agus
Chumann Siúil áitiúil Áth na Sceire.
Listed
below is a full list of existing Heritage Officers which we are led
to believe will be increased to thirty six.
| County
Council |
Telephone
No. |
Heritage
Officers |
Address |
| Carlow |
(0503)
70300 |
Lorcan
Scott |
County
Buildings, Athy Road, Carlow |
| Clare |
(065)
6821616 |
Congella
Maguire |
New
Road, Ennis, Co. Clare. |
| Cork |
(021)
4276891 (County Hall) |
Sharon
Casey |
C/o
SWRA, Inismore, Ballincollig, Co.Cork |
| Galway |
(091)
509000 |
Marie
Mannion |
Forward
Planning Section, County Buildings, Prospect Hill, Galway. |
| Kerry |
(066)
7121111 |
Una
Cosgrove |
Áras
an Chontae, Tralee, Co. Kildare |
| Leitrim |
(078)
20005 |
Bernie
Guest |
Governor
House, Carrick - on - Shannon, Co. Leitrim. |
| Limerick |
(061)
318477 |
Tom
O'Neill |
79/84
O'Connell Street, Limerick. |
| Laois/Offaly |
(0506)
46800 |
Amanda
Pedlow |
C/o
Offaly County Council, Courthouse, Tullamore, Co. Offaly. |
| Roscommon |
(0903)
37100 |
Nollaig
McKeown |
Courthouse,
Roscommon. |
| Sligo |
(071)
56666 |
Siobhan
Ryan |
County
Development Centre, Cleveragh, Co. Sligo |
| Tipperary
(NR) |
(067)
31771 |
Siobhan
Geraghty |
Courthouse,
Nenagh, Co. Tipperary. |
| Tipperary
(SR) |
(052)
25399 |
Brendan
Mc Sharry |
County
Hall, Clonmel, Co. Tipperary. |
| Longford/Westmeath |
(044)
40861 |
Gerry
Clabby |
C/o
Westmeath Co Co, County Buildings, Mullingar, Co. Westmeath. |
| Wicklow |
(0404)
20100 |
Deirdre
Burns |
County
Offices, Wicklow. |
| City
Council |
Telephone
No. |
Heritage
Officers |
Address |
| Dublin |
(01)
6722222 |
Donncha
O Dulaing |
Civic
Offices, Wood Quay, Dublin 8. |
| Galway |
(091)
536400 |
Jim
Higgins |
Town
Hall, College Road, Galway. |
Má theastaíonn uait muid a chur ar an eolas maidir le
fadhb ar bith i do cheantar cuir ríomhphost chugainn le do thoil ag
info@keepirelandopen.org
Cé Muidne
|
Ábhair Aighnis |
Aidhmenna_kio |
Conas Clárú mar Bhall |
Nuachtlitir |
Sean-Nuachtlitreacha |
Litreacha |
Roinnt Fadhbanna |
Naisc |
Fóto-Ghailearaí |
Déan Teagmháil Linn