POLASAITHE
POLASAÍ KIO I LEITH ROCHTAIN AR AN
TUATH
Cé Muidne?
Is eagraíocht dheonach í Keep
Ireland Open ina bhfuil idir bhaill aonaracha agus líon mór
grúpaí ar suim leo an timpeallacht agus an saol amuigh faoin spéir.
I measc na ngrúpaí tá: The Irish Ramblers, An Óige, cumainn
éagsúla na nGasóga is na mBanóglach, Cumann na bhFeirmeoirí
Aontaithe, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann, Cumann Clubanna
Marcaíochta Éireannacha, Cónaidhm Cumann Staire ÁitiúilA agus go
leor grúpaí eile, grúpaí siúl ina measc.
Is é an ról atá againn stocaireacht a dhéanamh ar an Rialtas
agus ar eagraíochtaí eile chun rochtain ar an tuath a chosaint agus
cur leis. Déanaimid iarracht freisin argóintí maidir le rochtain a
réiteach nuair a tharlaíonn siad (ach le líon teoranta baill
ghníomhacha ní féidir linn plé ach le cuid de na cásanna is simplí).
Is é an cur chuige atá againn teacht ar réiteach sna cásanna seo
chomh luath agus is féidir sula dtagann daoine ar thuairimí daingne
dochorraithe. Ach níl na hacmhainní againn a ligfeadh dúinn dul i
ngleic leis na cásanna go léir de réir mar a tharlaíonn siad, ról
ar chóir a bheith ag na húdaráis áitiúla nó turasóireachta.
An Fhadhb
Go dtí le déanai is beag fadhb a bhí ann maidir le rochtain ar
an tuath, mar go raibh dearca réchúiseach go leor ann i leith ligean
do dhaoine siúl thar talamh príobháideach. Ach tá athrú tagtha ar
an dearca seo le blianta beaga anuas. Is ábhar buartha é go bhfuil
méadú ag teacht ar líon na gcásanna ina gcuireann fógraí agus
fálta naimhdeacha cosc ar dhaoine atá ag iarraidh siúl thar talamh
príobháideach, na fálta go minic in áiteanna inar deineadh coimíní
a roinnt. Is féidir le heachtra doicheallach amháin den chineál seo
éifeacht an "chéad míle fáilte" a mhilleadh, go háirithe
do chuairteoirí.
Cé go gcuireann an fhadhb seo isteach ar shiúlóirí agus ar
shléibhteoirí go háirithe, cuireann sé isteach freisin ar dhaoine ar
suim leo spóirt eachtraíochta - curachóirí agus dreapadóirí mar
shampla, chomh maith le seandálaithe, údair treoirleabhar agus
iascairí. Go deimhin, tá a n-imní léirithe ag eagraíochtaí eile
seachas Keep Ireland Open, eagraíochtaí turasóireachta ina measc.
Caithfidh go bhfuil tionchar an-mhór ag na cúrsaí seo ar an
agrathurasóireacht, atá ag brath go mór ar rochtain ar an tuath, agus
a bhreathnaítear uirthi mar bhealach le héagsúlú ó chúrsaí
talmhaíochta.
Céard a tharlóidh mura ndéantar
aon rud?
Mura ndéantar rud éigin go luath eireoidh deacrachtaí níos
minice idir úinéirí talún agus daoine a bheidh ag iarraidh siúl
thar a gcuid tailte mar tá an tsiúlóid mar chaitheamh aimsire ag fás
i gcónaí. D'fhéadfadh sé a bheith i bhfad níos deacra siúlóirí,
agus daoine nach iad a bhaineann úsáid as an tuath mar chaitheamh
aimsire, a mhealladh chun na tíre seo ón iasacht. Tragóid a bheadh
anseo mar d'fhéadfadh Éire a bheith mar phríomh-rogha ag siúlóirí
ón mBreatain agus ó mhórthír na hEorpa mar gheall ar an tírdhreach
draíochta agus na ceantair bhreátha siúil.
Nithe nach réiteach iad ar an
bhFadhb Rochtana
Uaireanta luaitear na nithe seo a leanas mar réiteach, nó ar a
laghad mar chuid den réiteach, ar na fadhbanna thuasluaite. Is cuid den
réiteach iad, ach sin an méid.
Na Cosáin Fad-Achair: cé go dtéann siad trií go leor áiteanna
éagsúla sa tír, go hiondúil ní sholáthraíonn siad bealach
rochtana ar shliabh nó ar limistéir eile oscailte, agus i ndáiríre
is d'aon gnó a sheachnaíonn siad talamh ard. Fiú na cosáin seo tá
codanna díobh atá blocáilte ag uinéirí talún.
Na Páirceanna Náisiúnta: níl iontu seo ach níos lú na 1%
d'achar iomlán na tíre. Ní chuireann Udaráis na bPáirceanna
Náisiúnta béim ar leith ar rochtain. Mar shampla, tá limistéir
áirithe de Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin nach féidir
a shroichint gan dea-thoil úinéirí mar gur gá talamh príobhaideach
a thrasnú.
Coincheap traidisiúnta na mBealaí Achtaithe, a bhraitheann ar
dea-thoil úinéirí talún agus ar eolas áitiúil. Ní leor in aon
chor é do chuairteoirí nach bhfuil mion-eolas acu ar an gceantar. Is
féidir le húinéirí talún na bealaí achtaithe seo a bhlocáil agus
b'fhéidir, fiú tar éis phróiséas fadálach costasach dlithiúil,
nach n-osclófaí arís iad.
Tá coinníoll amháin breise i scéim REPS a cheadaíonn rochtain
ar an tuath ach is beag feirmeoir a bhac leis. Ní haon ionadh é seo
mar nach bhfaigheann feirmeoirí íocaíocht ach le haghaidh ceann
amháin acu seo is cuma cé mhéad acu a chuirtear i bhfeidhm. Caithfidh
grúpa áitiuil a bheith bainteach leis freisin. Chun a bheith
éifeachtúil in éascú rochtana caithfear an scéim seo a leasú.
Bhí sé i gceist go n-éascódh an tAcht um Dlitineas
Áititheoirí 1995 rochtain trí dheireadh a chur go hiomlán nach mór
le dliteanas úinéirí talún i leith lucht usáidte na talún mar
chaitheamh aimsire. Aisteach go leor, is é an toradh a bhí air go
bhfuil eagraíocht mhór amháin feirmeoirí ag cur fógraí naimhdeacha
ar fáil dá mbaillle cur in airde ar bhealaí iontrála a dtailte
feirmeoireachta. Dealraíonn sé gur beag toradh fónta eile a bhí ar
an Acht.
MOLADH RÉITEACHTA AMHÁIN
'Cead Fánaíochta' agus Bealaí
Achtaithe
San Eoraip trí chéile tá dhá chur chuige maidir le rochtain ar
an tuath. I dtíortha Chríoch Lochlainn tá dlí a bhaineaann le 'cead
fánaíochta' a thugann cead do dhaoine siúl áit ar bith seachas gar
do thithe, trí churadóireacht etc. Sa Bhreatain agus i dTuaisceart na
hÉireann do chéim áirithe tá dlithe sean-bhunaithe a sholáthraíonn
bealaí achtaithe a thugann cead do dhaoine siúl ar chosáin atá
sainnithe ar an talamh agus ar mhapaí araon.
Moladh a bheadh Oiriúnach
d'Éirinn
Aithnímid go bhféadfaí fadhbanna a bheith ann le reachtaíocht
do 'chead fánaíocht' in Éirinn ach is deacair a thuiscint cé mar a
d'fhéadfadh úinéirí talún cur in aghaidh siúlóirí cúramacha
siúl thar tailte arda oscailte gan fálta. Tá taitneamh bainte thar na
glúnta ag muintir na hÉireann as chaithimh aimsire den saghas seo. Ba
leas d'uinéirí talún freisin é dá mbeadh fonn orthu an
agrathurasóireacht a fhorbairt. Molaimid cur chuige mar seo don chuid
is mó den tír, le srianta nó rialacha ciallmhara a d'aontófaí le
húinéirí talún. Ba chóir go mbeadh ról gníomhach ag údaráis
áitiúla go háirithe, maraon le luchturasóireachtaagus clubanna
áitiúla siúil, i dteacht ar réiteach ar aighnis. San áit a mbeadh
deacrachtaí molaimid bealaí achtaithe sainnithe go soiléir tri
thalamh feirme chun rochtain ar thalamh oscailte,ar limistéir
thaithneamhachta nó ar láithreacha seandálaíochta, maraon le
cúiteamh réasúnach d'úinéirí talún de réir an achar talún a
bheadh steirilithe. Ceantar ina bhfuil gá ar leith le bealaí achtaithe
is ea sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, ina bhfuil
líon mór siúlóirí agus inarbh éigean d'úinéirí talún cur suas
le foghail agus fiú le loitiméireacht.
If
you would like to inform us of any problems in your area please email
us at info@keepirelandopen.org
leathanach baile
| aidhmeanna KIO | abhair aighnis
| polasaithe | rol
agus cur cuige | nuachtlitir
| claru mar bhall | litreacha
| dean teaghmail linn