RÓL AGUS BEARTAÍOCHT

Ról KIO

Creidimid gur ag leibhéal áitiúil is mó a théann ceisteanna rochtana i bhfeidhm. Is ar an bpobal áitiúl is mo a ghoilleann cailliúint bealach siúil nó rochtain ar thrá. Mar sin is é ról KIO an pobal áitiúil a spreagadh agus tacú leis i gcosaint ar rochtain ar a dtaitneamhachtaí agus i dteacht ar réitigh ar fhadhbanna rochtana. Trí thacaíocht sna réimsí seo is fearr is féidir linn é sin a dhéanamh:

Cumarsáid Cuirtear an bhallraíocht náisiúnta ar an eolas i dtaobh ceisteanna áitiúla tríd an nuachtlitir.

Fógraíocht Tugann na meáin éisteacht níos fearr d'eagraíocht náisiúnta.

Stocaireacht Is féidir lenár n-eagraíocht - atá bunaithe i mBaile Átha Cliath - ceisteanna a ardú le hairí agus le polaiteoirí eile.

Tionchar a imirt ar Pholasaí Reachtaíocht, Pleananna Forbartha, Tacaí an AE

Eagrú Imeachtaí agus Agóidí

Bailiú Airgid

Dúthshláin Dhlithiúla rogha deiridh.

Ní féidir linn gníomhú gan eolas. Is faoin bpobal muid a chur ar an eolas maidir le fadhbanna rochtana.

Beartaíocht

Tá cur chuige KIO réasúnach, ciallmhar. Seo na gnáthchéimeanna a thógaimid agus réiteach á lorg ar fhadhb:

 

1. Taighde a dhéanamh ar an bhfadhb

2. Teacht ar ionadaí áitiúil más féidir.

3. An cheist a phlé leis an úinéir talún

4. Idirghabháil a dhéanamh trí fhóram áitiúil más ann dá leithéid.

5. An cheist a ardú leis an údarás áitiúil, go neamhfhoirmeálta ar dtús, chun teacht ar an gcúlra pleanála agus féachaint an bhfuil toil ann deighleáil leis an gceist.

6. Gearán foirmeálta a dhéanamh leis an údarás áitiúil.

7. Stocaireacht a dhéanamh ar pholaiteoirí más oiriúnach.

8. Agóid phoiblí

9. Dúshlán dhlithiúil

 

I ngach cás déanaimid iarracht an fhadhb a réiteach gan dul ró-fhada síos an liosta seo!

Tá áthas orainn a thuairisciú go bhfuil Oifigigh Oidhreachta ceaptha ag roinnt údaráis áitiúla le bealaí achtaithe agus ceisteanna rochtana mar chuid dá gcúram. Tá liosta de na hOifigigh Oidhreachta sa leagan Béarla.

 

If you would like to inform us of any problems in your area please email us at info@keepirelandopen.org

leathanach baile | aidhmeanna KIO | abhair aighnis | polasaithe | rol agus cur cuige | nuachtlitir | claru mar bhall | litreacha | dean teagmhail linn

 

<_gaelige.html>